NEIC Logo
21 Mar 2022News

Seachtain na Gaeilge - Part 2 - As Gaeilge

Share

Bhí an méid sin spraoi againn an tseachtain seo caite go raibh orainn cuairt eile a thabhairt ar Ionad Barbara Ward ar an 8 Márta chun dul chun cinn na ndamhsóirí áitiúla a fheiceáil agus iad i mbun traenála!!

 

An t-am seo, chuir bainisteoir an ionaid, Aileen Foran, fáilte mhór romhainn, agus bhí lúcháir uirthi gur tháinig na mná ar ais le haghaidh seachtain iontach eile de dhamhsa.

Labhair Aileen linn faoin obair iontach a bhí ar siúl ag an ionad i rith na paindéime, lena n-áirítear biongó agus imeachtaí grúpa amhail taipéisí a fhí chun comóradh a dhéanamh ar an gcaoi ar thángamar le chéile chun tacú lena chéile le linn na gcodanna is measa de COVID-19. Bhí Aileen thar a bheith buíoch de D.C.C. as ucht a gcuid tacaíochta lena gcuimsítear gaiséabónna a chur ar fáil chun spásanna taobh amuigh a chruthú an samhradh seo caite chun tacú le daoine áitiúla agus ligean don phobal idirghníomhaíocht a dhéanamh ar bhealach sábháilte. Míle buíochas Aileen as an bhfáilte mhór seo!!

 

Labhraíomar arís leis an múinteoir damhsa, Cathleen Clarke-Ennis, a dúirt linn go raibh sí thar a bheith sásta faoi dhul chun cinn na mban an tseachtain seo caite. Mhol sí tiomantas agus luas foghlama na mban agus bhí sí an-tógtha leis an bhfuinneamh agus leis an díograis a bhí acu. Mhínigh Cathleen dúinn gur éirigh leis na mná ‘Ballaí Luimnigh’ agus ‘ Ionsaí na hlnse’ a fhoghlaim agus, má leanann gach rud ar aghaidh mar atá, ba cheart go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i gcor seisir agus i gcor ochtair faoin am a bheidh an Céilí Mór ar siúl ar an 19 Márta. 

 

Ar deireadh, labhraíomar le duine eile ón gceantar, Margaret O’Hara, atá ag freastal ar ionad Barbara Ward le fada an lá, agus a chónaigh díreach timpeall an chúinne ar feadh an-chuid blianta.  Tá aithne mhaith ag Margaret ar an múinteoir damhsa Cathleen toisc gur fhreastail a beirt iníonacha ar cheachtanna damhsa léi níos mó ná 34 bliana ó shin!! Bhí Margaret ina foghlaimeoir gasta agus ina damhsóir díograiseach agus ba phléisiúr é labhairt léi. Go raibh míle maith agat a Margaret as an gcomhrá den scoth!

 

Beidh an Céilí Mór ar siúl Dé Sathairn an 19 Márta ag Ionad Barbara Ward, agus táimid ag tnúth go mór leis cheana féin! Cuirfidh Cathleen an ceol ar fáil ar an oíche, agus beidh seit speisialta ann lenár scoláirí. Beimid ar ais arís le níos mó pictiúr den imeacht agus chun tuairisc a thabhairt ar an oíche a bheidh go hiontach, is cinnte!