NEIC Logo
04 Mar 2022News

Seachtain na Gaeilge 2022 (As Gaeilge)

Share

Tá cinneadh déanta againn rud éigin neamhghnách a dhéanamh anseo ag an Tionscnamh NEIC, mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge (SnaG) 2022!!

Le linn SNaG 2022, beimid ag cur béime ar ghrúpa an-speisialta ban a bhfuil tar éis teacht le chéile chun foghlaim (agus i gcásanna áirithe athfhoghlaim!) rince Gaelach sna 3 seachtaine atá amach romhainn.

Tagann ár mná cróga ón NEIC agus na ceantair máguaird agus bhí siad an-fháilteach nuair a labhair muid leo in Ionad Pobail Barbara Ward ar an Máirt, an 1 Márta, a chomóradh an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2022.

Bhí foireann an ionaid thar a bheith cuidiúil freisin, agus cuireadh méid nach beag de thae agus brioscaí ar fáil don ghrúpa agus do na tuairisceoirí a bhí i láthair.

Ba í Cathleen Clarke-Ennis a bhí i gceannas ar ár ngrúpa gan eagla, a dúirt linn go raibh lúcháir uirthi tabhairt ar ais don phobal. Le linn an chomhrá, fuaireamar amach gur mhúin Cathleen páistí de roinnt de na mná tí a bhí i láthair, blianta fada ó shin, sa cheantar freisin. Mhúin Cathleen damhsa sa cheantar go déanach sna 80idí agus sna 90idí go luath ag an bpinniúr liathróid láimhe, díreach faoi scáth Pháirc an Chrócaigh. Tá mé cinnte go mbeidh i bhfad níos mó scéalta ag Cathleen dúinn sna seachtainí amach romhainn!

Is múinteoir den scoth í Cathleen agus bhí na mná a bhí i láthair ar a gcosa agus ag foghlaim céimeanna gan aon mhoill. I measc iad siúd a bhí i láthair an 1 Márta, bhí Monica Power, a chuir in iúl don tuairisceoir seo go raibh lúcháir uirthi a bheith amuigh ag sóisialú agus ag déanamh aclaíochta tar éis dhá bhliain de shrianta paindéime. In éineacht le Monica bhí Ann Quinlan agus Ann Govern, beirt bhan eile a bhí an-ghasta na céimeanna a fhoghlaim ar an lá.

Ba thógálach an díograis agus an gháire le linn an lae, agus táimid ar bís le bheith páirteach leis na mná arís Dé Máirt seo chugainn ag an Ionad Barbara Ward.  Beidh toradh shaothar na mban as an obair chrua ar fad le feiceáil an 19 Márta, áit a mbeidh siad mar aíonna onóra do Chéilí Mór san ionad. Beimid ag leanúint a ndul chun cinn gach seachtain, le neart gáire, cuimhní cinn agus grianghraif le teacht.